agus ar bheith di ar gcúl ag a chosa agus í ag gol, thosaigh ag fliuchadh a chos lena deora, agus bhí á dtriomú le folt a cinn, agus í ag pógadh a chos agus á n‑ungadh leis an ola chumhra.
Fad a bhí Eazrá ag guí agus ag admháil peacaí le deora agus é faon ar lár os comhair Theampall an Tiarna, chruinnigh slua mór Iosraelach ina thimpeall idir fhir agus mhná agus leanaí, agus iad ag gol go goirt.
agus bláthfhleasc in ionad luaithrigh, ola na lúcháire in ionad éide an bhróin, moladh in ionad éadóchais. Goirfear dóibh Crainn na Córa, a chuir an Tiarna i dtalamh ar mhaithe lena ghlóir.
Is le gol a d'imigh siad, tabharfaidh mise sólás dóibh agus mé á dtreorú ar ais; déanfaidh mé eolas an bhóthair dóibh go srutháin uisce, slí dhíreach in áit nach bhfaighidh siad tuisle. Óir táim i m'athair ag Iosrael, agus is é Eafráim mo chéadghin mic.
“Agus doirtfidh mé spiorad an ghrásta agus na hachainí ar theaghlach Dháiví agus ar áitritheoirí Iarúsailéim i dtreo go mbreathnóidh siad ormsa, ar an té a tholl siad. Caoinfidh siad é mar a chaoinfeá aonmhac; goilfidh siad go géar goirt ina dhiaidh faoi mar a dhéanfaí gol i ndiaidh na céadghine.
An Fairisíneach a thug an cuireadh dó, ar a fheiceáil sin dó, dúirt ina aigne: “Dá mba fáidh an duine seo, bheadh a fhios aige cé hí, agus cén sort í, an bhean seo atá ag baint leis, gur peacach í.”