Ba leor don deisceabal bheith ar aon dul lena mháistir, agus don sclábha bheith ar aon dul lena úinéir. Má thug siad Béalzabúl ar fhear an tí, nach móide dóibh é thabhairt ar lucht a theaghlaigh?
Tá siad cosúil leis na leanaí seo a bhíonn ina suí in áit an mhargaidh ag glaoch chun a chéile agus a deir: ‘Rinneamar píobaireacht daoibh, ach ní dhearna sibh rince; rinneamar caoineadh, ach ní dhearna sibh gol.’
D'fhreagair na Giúdaigh agus dúirt siad leis: “Nach bhfuil an ceart againn nuair a deirimid gur Samárach thú agus go bhfuil deamhan ionat?” D'fhreagair Íosa:
Dúirt na Giúdaigh leis: “Tá a fhios againn anois go bhfuil deamhan ionat. Tá Abrahám marbh agus na fáithe agus deir tusa: ‘Má choinníonn aon duine mo bhriatharsa, ní bhlaisfidh sé bás choíche.’