Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 7:24

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a bhí teachtairí Eoin imithe, thosaigh sé ag caint leis na sluaite faoi Eoin: “Cad a chuaigh sibh amach faoin bhfásach a fheiceáil? Giolcach á suaitheadh ag an ngaoth?

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

gan smacht mar an tuile; ach ní tú a bheidh ar tosach, mar gur ghabh tú suas chun leaba d'athar, agus gur thruailligh tú mo thocht, mo bhrón!

Agus d'fhás an leanbh agus neartaigh sa spiorad, agus chónaigh sna fásaigh go dtí an lá ar fhoilsigh é féin d'Iosrael.

faoi ardsagartacht Annas agus Cháiafas, tháinig briathar Dé chun Eoin mac Zachairias san fhásach.

Is méanar don té nach nglacann scannal ionamsa.”

Ach cad a chuaigh sibh amach a fheiceáil? Duine a bhí cóirithe in éadaí míne? Iad seo a bhíonn gléasta go niamhrach agus a mhaireann go beadaí, is i bpáláis na ríthe atá siad.

Dúirt sé: “Is glór duine mé ag éamh san fhásach: ‘Déanaigí díreach bóthar an Tiarna,’ mar a dúirt Íseáia fáidh.”

Ní bheimid inár naíonáin feasta, dár luascadh i measc na dtonn agus dár gcaitheamh anonn agus anall ag gach leoithne theagaisc dá séideann le cealg dhaoine agus a chlisteacht atá siad chun duine a sheoladh ar a aimhleas.

Toibreacha gan uisce an dream seo agus scamaill á dtiomáint ag an ngála, agus tá ifreann duairc in áirithe dóibh.

Ós rud é go bhfuil seo ar eolas agaibh roimh ré, a chairde cléibh, féachaigí chuige nach scuabfar de bhur mbonna sibh le hearráid lucht coirpeachta agus bhur ndaingne a chailliúint.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí