Is é an Tiarna féin mar sin a thabharfaidh comhartha daoibh. Seo, tá an ógbhean ag iompar agus ar tí mac a shaolú, agus tabharfaidh sí Ímeánuéil mar ainm air.
Sin é an fáth a dtréigfidh Dia iad go dtí go mbéarfar mac di siúd, a bhfuil tinneas clainne uirthi, ansin fillfidh iarmhar a bhráithre ar chlann Iosrael.
Suaithfidh mé na ciníocha uile agus tiocfaidh stórtha na náisiún go léir isteach chugaibh agus líonfaidh mé an Teampall seo le glóir, a deir Tiarna na Slua!
Déan gairdeas go spleodrach, a iníon Shíón; tóg gártha áthais, a iníon Iarúsailéim. Féach, tá do rí ag teacht chugat, é go caithréimeach slán, agus go ceansa, agus ag marcaíocht ar asal, ar bhromaichín, ar shearrach asail.
Ina dhiaidh sin cheap an Tiarna a dó seachtód eile agus chuir sé amach roimhe féin iad ina mbeirt agus ina mbeirt go dtí gach cathair agus gach áit a raibh sé féin le teacht ann.
Aon lá amháin agus é in áit áirithe ag guí, nuair a stad sé, dúirt duine dá dheisceabail leis: “A Thiarna, múin dúinne guí, amhail mar a mhúin Eoin dá dheisceabail.”
Ach dúirt an Tiarna leis: “Sea, is Fairisínigh sibh féin: glanann sibh an taobh amuigh den chupa agus den mhias, ach tá an taobh istigh díbh lán de shlad agus de mhallaitheacht.
Dúirt an Tiarna: “Cé hé más ea, an maor úd atá iontaofa géarchúiseach a gceapfaidh an máistir os cionn a lucht tís é chun a gcion den arbhar a thabhairt dóibh i dtráth?
D'fhreagair an Tiarna é: “A bhréagchráifeacha,” ar sé, “nach scaoileann gach duine agaibh a dhamh nó a asal ón mainséar lá na sabóide agus nach seolann chun uisce é?
Ach dúirt an Tiarna: “Dá mbeadh oiread ghráinne an tsíl mhustaird de chreideamh agaibh, déarfadh sibh leis an gcrann maoildeirge seo: ‘Baintear as do fhréamhacha tú, agus déan tú féin a phlandáil san fharraige!’ agus dhéanfadh sé rud oraibh.
Ach dúirt Zacháias go croíúil leis an Tiarna: “Is é a dhéanfaidh mé, a Thiarna, leath mo mhaoine a thabhairt do na boicht, agus má bhain mé aon ní go héagórach d'aon duine, déanfaidh mé aisíoc leis faoi cheathair.”
Agus d'iompaigh an Tiarna agus bhreathnaigh ar Pheadar. Chuimhnigh Peadar ansin ar bhriathar an Tiarna, mar a dúirt sé leis: “Roimh ghlaoch don choileach inniu, séanfaidh tú mé faoi thrí.”
Nuair a tháinig na fir ina láthair dúirt siad: “Chuir Eoin Baiste chugat sinn á rá: ‘An tú an té atá le teacht, nó an ceart dúinn bheith ag súil le duine eile?’ ”
Dúirt an bhean leis: “Tá a fhios agam go bhfuil an Meisias ag teacht” - is é sin le rá an Críost - “agus nuair a thiocfaidh seisean inseoidh sé gach aon ní dúinn.”
Sheol Iósua mac Nún beirt fhear faoi choim ó Shitim mar spiairí á rá leo: “Ar aghaidh libh, breathnaígí an dúiche, go háirithe Ireachó.” Ar aghaidh leo agus chuadar isteach i dteach striapaí darbh ainm Rácháb, agus chuireadar fúthu ann.