Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 7:17

An Bíobla Naofa 1981

Agus leath an tuairisc sin air ar fud Iúdáia go léir agus na tíre go léir timpeall.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Nuair a bhí Íosa saolaithe i mBeithil Iúdáia in aimsir Héaróid rí, tháinig saoithe ón aird thoir go dtí Iarúsailéim

Chuaigh a chlú ar fud na Síre go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sort galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad.

Agus chuaigh cáil an scéil ar fud na tíre sin go léir.

Ach ní túisce amuigh iad ná leath siad a cháil ar fud na tíre sin go léir.

Agus níorbh fhada gur leath a chlú go fada gearr ar fud cheantar uile na Gailíle.

Chuala Héaród rí mar gheall air, mar bhí a ainm in airde, agus dúirt: “Tá Eoin Baiste éirithe ó mhairbh, agus sin é an fáth a bhfuil na míorúiltí á n‑oibriú tríd.”

Agus d'fhill Íosa le neart an Spioraid ar an nGailíl, agus leath a cháil ar fud na tíre go léir.

Agus chuaigh sé anonn agus bhain leis an gcróchar, agus stad an lucht iompair. Agus dúirt sé: “A fhir óig, deirim leat, éirigh!”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí