Dúirt Íosa leo: “Fiafraím díbh, cé acu is dleathach a dhéanamh lá sabóide, an mhaith nó an t‑olc, anam a shaoradh nó a mhilleadh?”
Agus dúirt sé leo: “Cé acu is dleathach a dhéanamh lá sabóide, an mhaith nó an t‑olc, beatha a shaoradh nó a mharú?” Ach ní raibh focal astu.
Labhair Íosa leis na dlíodóirí agus leis na Fairisínigh: “An dleathach leigheas a dhéanamh lá saboide,” ar sé, “nó an mídhleathach?”
Agus ar dhearcadh timpeall orthu uile, dúirt sé leis: “Sín amach do lámh.” Shín, agus bhí a lámh slán arís.
Ach bhí fios a smaointe aige agus dúirt le fear na láimhe seargtha: “Éirigh i do sheasamh os comhair chách.” D'éirigh sé ina sheasamh.
Agus d'imigh siad go dtí baile nárbh é.