Nuair a chuala an rí conas mar a ghlaoigh an giolla Dé in aghaidh na haltóra i mBéitéil, shín seisean, Iarobám, a lámh ón altóir amach, á rá: “Gabhaigí é.” Ach an lámh a shín sé amach in aghaidh an duine, shearg sí, agus níor fhéad sé í a tharraingt ar ais.
Mairg don aoire gan éifeacht, a thréigeann a thréad! Go mbuaile an claíomh a ghéag agus a shúil dheas chomh maith. Go searga a ghéag ar fad agus go mbaintear an radharc dá shúil dheas go hiomlán.”
Agus ghabh Íosa ar fud na Gailíle go léir, ag teagasc sna sionagóga, ag fógairt dea-scéil na ríochta, agus ag leigheas gach galar agus gach éagruas i measc an phobail.
Tháinig sé go Nazará, mar ar oileadh é, agus chuaigh isteach mar ba ghnáthbhéas dó sa tsionagóg lá na sabóide, agus d'éirigh ina sheasamh chun an léitheoireacht a dhéanamh.
Ansin, lá sabóide, nuair a bhí sé ag gabháil trí ghoirt arbhair, thosaigh a dheisceabail ag stoitheadh na ndias agus á n‑ithe, tar éis iad a chuimilt idir a mbosa.
Dúirt cuid de na Fairisínigh ansin: “Ní ó Dhia an duine seo mar ní choinníonn sé an tsabóid.” Dúirt cuid eile: “Conas is féidir duine peacúil a dhéanamh míorúiltí mar iad seo?” Agus bhí aighneas eatarthu.