Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 6:49

An Bíobla Naofa 1981

“An té, áfach, a chuala agus nach ndearna, tá sé cosúil le fear a thóg teach ar an talamh gan bonn faoi, gur bhrúcht an tuile ina choinne, agus thit ar a chéile láithreach; agus ba mhór é treascairt an tí sin.”

Féach an chaibidil Cóip

30 Tagairtí Cros  

Déanfar an té a shiúlann san fhíréantacht a fhuascailt; ach an té a bhíonn go guagach idir dhá bhealach, titfidh sé ar cheann acu.

Tagann siad chugat ina sluaite mar is gnáth agus suíonn siad romhat mar phobal de mo chuidse agus cluineann siad do chaint, ach ní toil leo beartú dá réir. Léiríonn siad neart grá lena mbeola, ach téann a gcroí de réir a sainte.

Ach ní chúiteoidh mé a striapachas le bhur n‑iníonacha, ná a gcuid adhaltranais le mná céile bhur mac; óir déanann siad san caidreamh le striapacha ar leithligh, agus ofrálann siadsan, na sagairt, íobairtí i gcuideachta meirdreach cultais. Sa tslí sin tá pobal gan chiall ag brostú leo ar aghaidh ar bhealach a bhasctha.

agus ó tá siad, déanaigí agus coinnígí a ndeir siad libh, ach ná déanaigí de réir a n‑oibreacha, óir ní mar a chéile beart agus briathar acu.

Ansin, clisfidh ar mhórán, beidh siad ag fealladh ar a chéile agus ag fuathú a chéile.

ach ní bhíonn fréamh acu iontu féin ach iad neamhbhuan agus ansin, nuair a bhíonn trioblóid nó géarleanúint ann mar gheall ar an mbriathar, cliseann orthu láithreach.

An seirbhíseach sin arbh eol dó toil a mháistir agus nach ndearna ullmhú ná beart de réir a thola, gabhfar de mhórán buillí air;

Ach bhí fuath ag a chomhthírigh dó, agus chuir siad teachtaí ina dhiaidh chun a rá: ‘Ní áil linn é seo a bheith ina rí orainn.’

Ach na naimhde úd agam nárbh áil leo mé bheith i mo rí orthu, seolaigí i leith iad agus déanaigí iad a choscairt i mo láthair.’ ”

Ach cad chuige a nglaonn sibh orm ‘A Thiarna, a Thiarna,’ agus nach ndéanann sibh a ndeirim?

Tá sé cosúil le fear ag tógáil tí, a rinne romhar agus tochailt agus a leag an bonn ar an gcarraig. Agus ar theacht don tuile, bhrúcht an chaise i gcoinne an tí sin, ach níor fhéad sé é bhogadh ar a fheabhas a bhí sé tógtha.

Nuair a bhí a bhriathra uile críochnaithe aige i gcomhchlos don phobal, chuaigh sé isteach i gCafarnáum.

Gach géag ionam nach dtugann toradh, bainfidh sé í; agus gach géag a thugann toradh, bearrfaidh sé í, ionas go dtabharfaidh sí breis toraidh.

“Tá a fhios agam nuair a bheidh mise imithe go dtiocfaidh in bhur measc faolchúnna craosacha nach mbeidh trua ná taise don tréad acu.

Agus is minic a bhínn ó shionagóg go sionagóg á gcéasadh agus ag iarraidh a thabhairt orthu Dia a mhaslú. Bhí mé chomh mór sin ar buile chucu go dtéinn ar a dtóir fiú amháin go cathracha i gcéin.”

Sin é an fáth nár fhéad mé é a sheasamh a thuilleadh agus ar chuir mé teachtaire ag triall oraibh ag cur tuairisc bhur gcreidimh ar eagla go mbeadh an cathaitheoir tar éis an cathú a chur oraibh agus go mbeadh ár saothar in aisce againn.

Tar éis dóibh éalú ó thruaillitheachtaí an tsaoil trína n‑aithne ar ár dTiarna agus ár Slánaitheoir Íosa Críost, má théann siad in achrann arís iontu, agus go sáraítear iad, is measa an scéal acu go deireanach ná mar a bhí ar dtús.

Uainne amach a ghabh siad; ach níor linn dáiríre iad riamh; mar dá mba linn dáiríre iad, d'fhanfaidís i gcónaí linn. Ach d'fhág siad sinn le go mba léir nár linn dáiríre iad uile.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí