Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 6:41

An Bíobla Naofa 1981

Cad chuige a bhfeiceann tú an cáithnín i súil do bhráthar agus nach n‑airíonn tú an tsail atá i do shúil féin?

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

Fillfidh an Tiarna a bhearta fola ar mhullach a chinn féin air mar, gan fhios do m'athair Dáiví, d'ionsaigh sé agus chuir chun báis le faobhar claímh Aibnéar mac Néar, ceannasaí airm Iosrael, agus Amásá, mac Ieitir, ceannasaí airm Iúdá.

Ba ghráin le Ióáb ordú an rí chomh mór sin nach ndearna sé aon áireamh ar Léiví ná ar Bhiniáimin.

Labhraíonn an urchóid leis an bpeacach i ndiamhair a chroí. Ní choimeádann sé eagla Dé os comhair a shúl.

Tá an croí cealgach thar gach rud eile, agus urchóideach lena chois; cé a fhéadann é a ransú?

De bhrí gur mhachnaigh sé agus gur thréig sé a pheacaí go léir mairfidh sé go deimhin; ní bhfaighidh sé bás.

“Ná tugaigí breith le heagla go dtabharfaí breith oraibh;

agus bhí beagán mioniasc acu, agus ar a mbeannú dó dúirt sé iadsan a chur os a gcomhair freisin.

Níl an deisceabal os cionn an mháistir; ach nuair a bhíonn deireadh foghlamtha aige beidh gach deisceabal mar atá a mháistir.

Conas is féidir duit a rá le do bhráthair: ‘A bhráthair, fan go mbaine mé as do shúil an cáithnín atá inti,’ agus nach bhfeiceann tú an tsail atá i do shúil féin? A bhréagchráifigh, bain ar dtús an tsail as do shúil féin, agus ansin is fearrde a fheicfidh tú an cáithnín atá i súil do bhráthar a bhaint aisti.

Ós rud é nach ndeachaigh aon stad orthu ach á cheistiú, d'éirigh sé suas agus dúirt leo: “An duine agaibh atá gan pheaca, bíodh sé ar an gcéad duine ag caitheamh clocha léi.”

Ar an ábhar sin níl aon leithscéal agatsa, a dhuine, is cuma cé tú, má thugann tú breith ar dhaoine eile, mar ag tabhairt breithe ar an bhfear thall duit, is tú féin atá do do dhaoradh agat, de bhrí go ndéanann tú féin, an breitheamh, na nithe céanna.

feiceann sé é féin agus imíonn sé agus gan mhoill déanann dearmad glan céard leis ba chosúil é.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí