Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 6:27

An Bíobla Naofa 1981

“Ach deirim libhse atá ag éisteacht liom: bíodh grá agaibh do bhur naimhde, déanaigí an mhaith dóibh seo a thugann fuath daoibh,

Féach an chaibidil Cóip

22 Tagairtí Cros  

Dúirt an rí leis an ngiolla Dé: “Iarr fabhar an Tiarna do Dhia arís (agus guigh orm) ionas go bhfaighidh mé lúth mo láimhe ar ais.” Agus chuir an giolla Dé a impí chun an Tiarna, agus fuair an rí ar ais lúth a láimhe agus bhí sí mar a bhí roimhe sin.

A Thiarna Dia, má rinne mé an ní seo, má rinne mé urchóid le mo lámha,

Má thiteann do namhaid, ná cuireadh sin lúcháir ort; nuair a bhaintear tuisle as, ná tagadh éirí croí ort,

Rún a cheilt glóir Dé, ach é a ransú go grinn glóir ríthe.

Dúirt sé leo: “Bígí aireach faoina gcluineann sibh. Is de réir an tomhais lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh, agus tabharfar tuilleadh daoibhse a chluineann.

Dúirt Íosa: “A Athair, maith dóibh óir níl a fhios acu cad tá siad a dhéanamh.” Ansin, ag roinnt a chuid éadaigh eatarthu, chuir siad ar chrainn iad.

“Is méanar daoibh nuair is fuath le daoine sibh agus nuair a scarfaidh siad amach sibh agus bhur n‑ainm a aithisiú agus a fhógairt mar dhrochainm, mar gheall ar Mhac an Duine.

Ach bíodh grá agaibh do bhur naimhde, déanaigí an mhaith agus tugaigí iasacht gan súil le cúiteamh ar bith, agus is mór é bhur dtuarastal, agus beidh sibh in bhur gclann don Té is Airde, óir bíonn seisean lách le daoine díomaíocha agus le drochdhaoine.

Ach é siúd sa talamh maith, sin iad na daoine, tar éis dóibh an briathar a chloisteáil le dea-chroí macánta, a choinníonn é agus a thugann toradh uathu trína mbuanseasamh.

Bígí aireach, dá bhrí sin, conas a chluineann sibh; óir an té a mbíonn aige, tabharfar dó, agus an té nach mbíonn aige, bainfear de fiú an ní a shíleann sé a bheith aige.”

Agus thit tuilleadh de ar an talamh maith, agus ar theacht aníos dó, thug toradh uaidh faoi chéad.” Á rá sin dó, ghlaoigh sé amach: “An té a bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh sé!”

an scéal faoi Íosa ó Nazarat: mar a choisric Dia é leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht; mar a chuaigh sé timpeall na tíre ag déanamh na maitheasa agus ag leigheas gach duine a bhí faoi smacht an diabhail, mar go raibh Dia fairis.

Scairt Pól air, áfach, in ard a ghutha: “Ná déan aon díobháil duit féin,” ar seisean, “táimid go léir anseo.”

Ar thitim dó ar a ghlúine scread sé in ard a ghutha: “A Thiarna, ná hagair orthu an peaca seo.” Agus leis sin shíothlaigh sé.

Fad atá an deis againn, mar sin, déanaimis an mhaith do chách agus go háirithe do líon tí an chreidimh.

Féachaigí chuige nach ndéanfaidh aon duine agaibh an t‑olc in aghaidh an oilc. Cuirigí romhaibh an mhaith a dhéanamh i gcónaí dá chéile agus do chách eile.

A bhráthair na páirte, ná déan aithris ar an olc ach ar an maith. An té a dhéanann an mhaith is ó Dhia dó, an té a dhéanann an t‑olc ní fhaca sé Dia.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí