Deir siad le lucht físe: “Ná bíodh físeanna agaibh”, agus leis na fáithe: “Ná tuaraigí an ceart dúinn”. “Déanaigí plámas linn, bíodh físeanna mealltacha agaibh dúinn;
tairngreann na fáithe go bréagach, teagascann na sagairt ar a gcomhairle féin. Agus is maith le mo phobal é. Ach i ndeireadh na cúise, céard a dhéanfaidh sibh?
Fear a bheadh ag tóraíocht baoise agus bréag agus á rá go cealgach: “Geallaimse daoibh fíon agus flúirse dí” - sin é an sort duine a bheadh ina fháidh ag na daoine seo.
Dá mba den saol sibh bheadh cion ag an saol ar a chuid féin. Ach de bhrí nach den saol sibh ach go ndearna mise sibh a thoghadh as an saol, uime sin atá fuath ag an saol daoibh.
mar ní do Chríost ár dTiarna atá a leithéidí sin ag fónamh ach dá gcraos féin agus meallann siad croí na neamhurchóideach lena gcuid bladair agus plámáis.
A striapacha, nach bhfuil a fhios agaibh gur cuma cairdeas an tsaoil seo nó eascairdeas Dé? Dá bhrí sin an té ar mian leis a bheith ina chara ag an saol seo, déanann sé namhaid Dé de féin.