Tharla go raibh marbh á iompar chun a adhlactha, agus chonacthas díorma díobh siúd, agus caitheadh an marbh isteach i dtuama Eilíseá. A luaithe a bhain an fear marbh le cnámha Eilíseá, tháinig anam ann arís agus sheas sé ar a chosa.
Agus cibé áit a dtéadh sé; sna bailte, sna cathracha, sna feirmeacha, chuiridís lucht tinnis ina luí sna háiteanna poiblí agus dhéanaidís achainí air go mbainfidís le scothóg a bhrait fiú amháin, agus a mbaineadh, shlánaítí iad.
Tharla aon lá amháin agus é ag teagasc, go raibh Fairisínigh agus máistrí dlí ina suí ann a bhí tar éis teacht as gach baile sa Ghailíl agus in Iúdáia, agus as Iarúsailéim freisin; agus bhí cumhacht an Tiarna ag tabhairt air bheith ag déanamh leigheas.
ciarsúirí agus naprúin fiú amháin a chuimil dá chraiceann, nuair a thugtaí go dtí na daoine tinne iad, d'fhágadh na galair iad agus d'imíodh na spioraid mhallaithe astu.
Ach is cine tofa sibhse, sagartacht ríoga, muintir naofa, pobal a cuireadh ar leithrigh, le go bhfógródh sibh éachtaí an té sin a ghlaoigh as an dorchadas amach oraibh chun a sholais iontaigh féin.