Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 6:18

An Bíobla Naofa 1981

a tháinig ag éisteacht leis agus ag fáil leigheas ar a ngalair; agus iad seo freisin a bhí á gcrá ag spioraid mhíghlana, bhí siad á leigheas.

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

Agus bhí bean Chanánach a tháinig amach as na críocha sin agus thosaigh sí ag glaoch os ard: “Déan trócaire orm, a Thiarna, a mhic Dháiví,” ar sise, “tá iníon agam agus í á crá go géar ag deamhan.”

agus dúirt: “A Thiarna, déan trócaire ar mo mhac, mar tá an titimeas air agus é an-dona: titeann sé isteach sa tine go minic agus san uisce go minic freisin;

Ar theacht anuas dó in éineacht leo, sheas sé ar thalamh réidh, agus bhí ansin comhthionól mór dá dheisceabail agus slua mór den phobal as Iúdáia go léir agus as Iarúsailéim agus as cósta na Tuíre agus na Síodóine

Agus bhí an slua ar fad ag iarraidh baint leis, óir bhí cumhacht ag teacht uaidh agus á leigheas uile.

Thagadh na sluaite freisin ó na bailte mórthimpeall Iarúsailéim, ag tabhairt othar leo agus daoine a bhíodh á gciapadh ag spioraid neamhghlana, agus leigheastaí gach duine acu.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí