Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 6:12

An Bíobla Naofa 1981

Tharla sna laethanta sin go ndeachaigh sé amach faoin sliabh chun guí, agus thug an oíche go léir ag guí Dé.

Féach an chaibidil Cóip

23 Tagairtí Cros  

A Dhia liom, a Dhia liom, cad chuige ar thréig tú mé? Is fada tú ó m'achainí agus ó bhriathra mo chneadaí.

Bíonn m'anam ag dréim leat san oíche, agus mo spiorad do do lorg ionam féin istigh; nuair a fhoilsítear do bhreithiúnais ar talamh, foghlaimíonn muintir an domhain ceart agus cóir.

Nuair a chonaic sé na sluaite, chuaigh sé an sliabh suas. Shuigh sé síos agus tháinig a dheisceabail chuige.

Ach tusa, nuair a bhíonn tú chun guí, téigh isteach i do sheomra, dún an doras ort féin, agus guigh chun d'Athar atá ansiúd faoi choim. Feiceann d'Athair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat.

D'éirigh sé ina shuí ar maidin tamall maith roimh lá, ghabh sé amach agus d'imigh go dtí áit uaigneach agus bhí sé ansiúd ag guí.

Chuaigh sé an sliabh suas agus ghlaoigh sé chuige iad seo ab áil leis féin. Tháinig siad chuige,

Tar éis dó iad a chur chun siúil, d'imigh sé faoin sliabh chun guí.

Ach théadh sé féin i leataobh isteach sna fásaigh agus dhéanadh guí.

Agus líon siad siúd de bhuile, agus bhí siad ag beartú le chéile cad a d'fhéadfaidís a dhéanamh le hÍosa.

Ar theacht anuas dó in éineacht leo, sheas sé ar thalamh réidh, agus bhí ansin comhthionól mór dá dheisceabail agus slua mór den phobal as Iúdáia go léir agus as Iarúsailéim agus as cósta na Tuíre agus na Síodóine

Aon lá amháin agus é i leataobh ag guí agus na deisceabail in éineacht leis, d'fhiafraigh sé díobh: “Cé hé a deir na sluaite mise?”

Agus timpeall ocht lá tar éis na cainte sin, rug sé leis Peadar agus Eoin agus Séamas agus chuaigh an sliabh suas chun guí.

Agus sa ghuí dó, tháinig athrach cló ar a ghnúis agus d'éirigh a chuid éadaigh gléigeal lonrach.

Ghabh Íosa an sliabh suas agus shuigh ansiúd in éineacht lena dheisceabail.

Bígí ag guí gan staonadh; bígí ag faire lena linn agus ag gabháil buíochais le Dia.

Nuair a bhí Críost ar an saol seo chuir sé achainíocha agus urnaithe suas de ghlór ard agus le mórán deor chun an té a bhí in ann é a fhuascailt ón mbás. Éisteadh leis toisc go raibh sé urramach deabhóideach.

“Is aithreach liom go ndearna mé rí de Shól, óir thug sé droim liom, agus d'fhág mo lorg, agus rinne faillí i m'orduithe.” Tháinig suaitheadh mór ar Shamúéil agus chaith sé an oíche ar fad ag glaoch chun an Tiarna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí