Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 6:1

An Bíobla Naofa 1981

Ansin, lá sabóide, nuair a bhí sé ag gabháil trí ghoirt arbhair, thosaigh a dheisceabail ag stoitheadh na ndias agus á n‑ithe, tar éis iad a chuimilt idir a mbosa.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Caithfidh sibh arán gan ghabháile a ithe ar feadh seacht lá. An chéad lá cuirigí an ghabháile go léir as bhur dtithe amach; mar cibé duine a íosfaidh arán ina bhfuil gabháile, ón gcéad lá go dtí an seachtú lá, teascfar amach ó Iosrael é.

Ón lá tar éis na sabóide, ón lá a thug sibh libh punann na hofrála dleachta, comhairigí seacht lánseachtainí.

An chéad lá bíodh tionól naofa agaibh, gan aon saothar trom a dhéanamh.

Agus ní áil le haon duine an nua tar éis dó an sean a ól; óir deir sé: ‘Is é an sean an fíon maith.’ ”

Ansin, lá sabóide eile, chuaigh sé isteach sa tsionagóg agus thosaigh ag teagasc. Bhí fear ann a raibh a lámh dheas seargtha.

“Áirigh seacht seachtainí agus tosaigh ar na seacht seachtainí a chomhaireamh ón uair ina gcuireann tú do chorrán buana san arbhar sa ghort.

Má théann tú trí arbhar do chomharsan atá ina sheasamh, ní cás duit diasa a stoitheadh le do láimh ach níl cead agat do chorrán buana a chur in arbhar do chomharsan agus é ina sheasamh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí