D'fhreagair Síomón agus dúirt: “A Mháistir, thugamar an oíche go léir ag saothrú agus níor thógamar aon ní; ach i ngeall ar d'fhocalsa, cuirfidh mé amach na líonta.”
Agus tháinig siad chuige á mhúscailt, ag rá: “A Mháistir, a Mháistir, tá an bás againn!” Agus ar dhúiseacht dó, bhagair sé ar an ngaoth agus ar an uisce suaite; agus chiúnaigh orthu agus bhí ina théigle.
Agus ansin, le linn dóibh seo bheith ag scaradh leis, dúirt Peadar le Íosa: “A Mháistir, is maith mar a tharla anseo sinn: déanaimis trí bothanna, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann d'Éilias” - agus gan a fhios aige cad a bhí sé a rá.
Labhair Eoin agus dúirt: “A Mháistir, chonaiceamar duine ag caitheamh deamhan amach i d'ainmse agus chuireamar cosc leis, óir ní leanann sé tú in aonbhuíon linne.”
Dúirt Síomón Peadar leo: “Táimse ag dul ag iascach.” “Rachaimidne leat,” ar siad. D'imigh siad mar sin agus isteach sa bhád leo, ach an oíche sin níor rug siad ar bhreac.