Tabharfaidh mé croí nua daoibh fosta agus cuirfidh spiorad nua ionaibh; bainfidh mé an croí cloiche as bhur gcorp agus tabharfaidh croí feola daoibh ina áit.
Ná ní chuirtear fíon nua i seanseithí: má chuirtear, pléascann na seithí; agus sin an fíon doirte agus na seithí millte. Ach cuirtear fíon nua i seithí nua, agus bíonn siad araon slán.”
ainneoin na mbráithre bréige a tugadh isteach faoi choim. Shleamhnaigh siad san isteach le spiaireacht a dhéanamh ar an tsaoirse atá againn i gCríost, chun sinn a chur i ndaoirse;
Ansin dúirt an té a bhí ina shuí sa ríchathaoir: “Féach, tá gach aon ní á dhéanamh nua agam.” Agus ar sé: “Scríobh. Óir is dílis agus is fírinneach iad na focail seo.”