Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 5:37

An Bíobla Naofa 1981

Ná ní chuireann aon duine fíon nua i seanseithí: má chuireann, pléascfaidh an fíón nua na seithí; doirtfear an fíon agus millfear na seithí.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Cé gur cosúil mé le buidéal leathair sa deatach, níor dhearmad mé do reachtanna.

Ná ní chuirtear fíon nua i seanseithí: má chuirtear, pléascann na seithí; agus sin an fíon doirte agus na seithí millte. Ach cuirtear fíon nua i seithí nua, agus bíonn siad araon slán.”

Agus dúirt sé parabal leo: “Ní shracann aon duine píosa as casóg nua lena chur mar phreabán ar sheanchasóg: má dhéanann, beidh an chasóg nua sractha aige, agus fós ní réiteoidh an preabán as an gcasóg nua leis an sean.

Ach fíon nua i seithí nua is cóir a chur.

Bhí na seithí fíona seo nua nuair a líonamar iad; féach tá siad pléasctha; tá ar gcuid éadaigh agus ár gcuaráin caite tar éis an aistir chomh fada sin atá curtha dínn againn.”

bheartaíodar dul i mbun cneamhaireachta. D'imíodar agus fuaireadar lón agus thugadar leo seanmhálaí ar a n‑asail agus seanseichí fíona a bhí pollta ach iad deisithe;




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí