Bhí an Tiarna Dia na Slua ag glaoch oraibh an lá sin chun caoineadh a dhéanamh agus mairgneach, chun sibh féin a bhearradh agus éadach róin a chur oraibh.
“Múscail thú féin, a chlaíomh, in aghaidh m'aoire, in aghaidh an fhir atá i bpáirt liom,” a deir Tiarna na Slua. “Buail an t‑aoire chun go scaipfear an tréad! Agus iompóidh mé mo lámh in aghaidh na n‑uan beag.
Dúirt Íosa leo: “An féidir go mbeadh ógánaigh na bainise ag déanamh bróin fad a bhíonn an fear nuaphósta leo? Ach tiocfaidh na laethanta nuair a bheidh an fear nuaphósta tógtha uathu agus déanfaidh siad troscadh ansin.
Agus dúirt sé parabal leo: “Ní shracann aon duine píosa as casóg nua lena chur mar phreabán ar sheanchasóg: má dhéanann, beidh an chasóg nua sractha aige, agus fós ní réiteoidh an preabán as an gcasóg nua leis an sean.
A chlann ó, is gearr eile atá agam in bhur bhfochair. Beidh sibh ar mo lorg, agus faoi mar a dúirt mé leis na Giúdaigh, deirim libhse arís: ‘An áit ina bhfuilimse ag dul ní féidir daoibhse teacht.’
Thogh siad seanóirí dóibh ar gach Eaglais acu agus tar éis urnaithe agus troscadh a dhéanamh chuir siad iad faoi choimirce an Tiarna ina raibh a gcreideamh.
Agus ná diúltaígí dá chéile ach amháin ar feadh seala le toil a chéile d'fhonn bheith saor chun urnaithe agus ansin teacht ar ais le chéile arís ar eagla go gcuirfeadh Sátan cathú oraibh de dheasca ainriantachta.