Óir do Chruthaitheoir, is é is céile duit, agus Tiarna na Slua is ainm dó; Neach Naofa Iosrael, is é do shlánaitheoir é, ar a dtugtar Dia an domhain uile.
Díreach mar a phósann ógfhear cailín, is é an Saor féin a phósfaidh thusa; agus mar is cúis ghairdis a chéile don fhear nuaphósta, beidh tú féin i do chúis ghairdis ag do Dhia.
Tá an Tiarna, do Dhia, i do lár mar laoch caithréimeach; déanfaidh sé gairdeas go spleodrach mar gheall ort. Athnuafaidh sé thú le neart a ghrá; tógfaidh sé gártha áthais ar do shon faoi mar a dhéantar ar lá an tsollúntais.’
Dúirt Íosa leo: “An féidir go mbeadh ógánaigh na bainise ag déanamh bróin fad a bhíonn an fear nuaphósta leo? Ach tiocfaidh na laethanta nuair a bheidh an fear nuaphósta tógtha uathu agus déanfaidh siad troscadh ansin.
Dúirt siad leis: “Bíonn deisceabail Eoin ag troscadh go minic agus ag déanamh urnaithe, agus deisceabail na bhFairisíneach mar an gcéanna; ach iad seo agatsa, bíonn siad ag ithe agus ag ól.”
An té a bhfuil an nuachair aige, sin é an céile; ach cara an chéile, atá ina sheasamh ag éisteacht leis, tagann racht áthais air de bharr guth an chéile. An t‑áthas mar sin atá ormsa, tá sé iomlán.