Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 5:29

An Bíobla Naofa 1981

Agus rinne Léiví fleá mhór dó ina theach, agus bhí cuideachta líonmhar de phoibleacánaigh agus de dhaoine eile ina luí ag bord ina gcuibhreann.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Tháinig Mac an Duine agus bíonn sé ag ithe agus ag ól, agus deir siad: ‘Féach, fear craois agus póite, cara do phoibleacánaigh agus do pheacaigh.’ Agus fuair an eagna a ceart as a hoibreacha féin.”

Óir, má thugann sibh grá dóibh seo a thugann grá daoibh, cad é an tuarastal atá ag dul daoibh? Nach ndéanann na poibleacánaigh féin an rud céanna?

Ina shuí chun boird dó sa teach, tháinig mórán de na poibleacánaigh agus de na peacaigh agus shuigh siad isteach le hÍosa agus lena dheisceabail.

Bhí Íosa ag imeacht leis ón áit sin, agus chonaic sé duine darbh ainm Matha ina shuí i dteach an chustaim agus dúirt leis: “Lean mise.” D'éirigh seisean agus lean sé é.

Agus nuair a bhí sé ag bord ina theach, bhí mórán poibleacánach agus peacach ina suí le hÍosa agus lena dheisceabail, mar bhí mórán díobh á leanúint.

Na poibleacánaigh agus na peacaigh, bhí siad uile ag teacht ina ghar chun bheith ag éisteacht leis.

Thug siad dinnéar dó ansiúd, dá bhrí sin, agus bhí Marta ag freastal agus Lazaras ar an gcuideachta leis ag an mbord.

Agus má thugann neamhchreidmheach cuireadh chun dinnéir daoibh agus gurb áil libh dul ann, gach a gcuirtear os bhur gcomhair ithigí é gan ceist ó thaobh coinsiasa.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí