Agus ar an mball, d'éirigh seisean ina láthair, thóg suas an rud a bhí faoi, agus chuaigh abhaile ag tabhairt glóire do Dhia.
Dúirt Dia: “Bíodh solas ann,” agus bhí an solas ann.
Labhair sé agus rinneadh gach aon ní. D'ordaigh sé agus ráinig siad ann.
an té a ghabhann buíochas mar íobairt, is é sin an té a thugann urraim dom; agus don té a mhaireann gan cháim taispeánfaidh mé slánú Dé.”
Nuair a chonaic na sluaite é, tháinig uamhan orthu agus thug siad glóir do Dhia a thug a leithéid sin d'údarás do dhaoine.
D'éirigh seisean agus thóg an tsráideog láithreach, agus d'imigh amach os comhair cách, ionas go raibh alltacht orthu uile agus gur thug siad glóir do Dhia á rá: “Ní fhacamar a leithéid seo riamh.”
agus chuir sé a lámha uirthi. Agus díríodh suas láithreach í, agus thosaigh sí ag tabhairt glóire do Dhia.
Agus tháinig a radharc dó láithreach, agus lean sé é ag glóiriú Dé. Ar a fheiceáil sin don phobal uile, thug siad moladh do Dhia.
Agus shín sé amach a lámh agus bhain leis, ag rá: “Is áil, glantar thú!” Agus d'fhág an lobhra é láithreach.
Ansin ghlaoigh siad arís ar an duine a rugadh ina dhall, agus dúirt siad leis: “Tabhair glóir do Dhia! Tá a fhios againne gur peacach an duine sin.”