Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 5:21

An Bíobla Naofa 1981

Agus thosaigh na scríobhaithe agus na Fairisínigh ag smaoineamh: “Cé hé seo a labhraíonn diamhaslaí? Cé a fhéadann peacaí a mhaitheamh ach Dia amháin?”

Féach an chaibidil Cóip

23 Tagairtí Cros  

Maitheann sé do chionta go léir duit; agus leigheasann sé d'easláintí uile.

Ach is leat na peacaí a mhaitheamh; ionas go riarfaí go humhal duit.

Ach cheana, d'admhaíos mo pheaca duit agus níor cheil mé m'urchóid. Dúirt mé: “Admhóidh mé anois mo choir don Tiarna.” Agus thug tú maithiúnas dom ansin: mhaith tú mo pheaca dom.

Go gcuire aingeal an Tiarna an ruaig orthu amhail cáith roimh an ngaoth;

Gabhaigí i leith ansin agus pléimis an scéal, a deir an Tiarna. Má bheadh bhur bpeacaí ar nós craoraig, déanfar níos gile iad ná sneachta; má bheadh siad chomh dearg leis an gcorcra, amhail olann a dhéanfar iad.

Ormsa, ormsa a bhí sé gach rud a chur ar ceal agus gan do pheacaí a mheabhrú níos mó.

Tá do pheacaí scaipthe agam mar a bheadh néal agus do chionta ar nós scamaill. Fill chugam ar ais mar tá tú fuascailte agam.

An té a dhiamhaslaíonn ainm an Tiarna ní foláir dó bás a fháil; caithfidh an comhthionól uile gabháil de chlocha ann. Cibé acu dúchasach nó deoraí é, má mhaslaíonn sé an tAinm, cuirtear chun báis é.

Déanfaidh tú trócaire orainn arís; gabhfaidh tú de chosa inár bpeacaí agus caithfidh tú ár gcionta go léir isteach i nduibheagán na farraige.

Leis sin, stróic an t‑ardsagart a chuid éadaigh: “Tá diamhasla déanta aige!” ar seisean; “cad is gá dúinn a thuilleadh finnéithe? Sin anois an diamhasla cloiste agaibh.

Leis sin, dúirt cuid de na scríobhaithe leo féin: “Sin diamhasla dó.”

Tugaigí, más ea, torthaí uaibh is dual don aithrí. Agus aire daoibh gan a rá libh féin: ‘Tá Abrahám ina athair againn,’ óir deirim libh gur féidir le Dia clann d'Abrahám a thógáil as na clocha seo.

Tharla aon lá amháin agus é ag teagasc, go raibh Fairisínigh agus máistrí dlí ina suí ann a bhí tar éis teacht as gach baile sa Ghailíl agus in Iúdáia, agus as Iarúsailéim freisin; agus bhí cumhacht an Tiarna ag tabhairt air bheith ag déanamh leigheas.

Ach thuig Íosa na smaointe a bhí acu, agus dúirt sé leo á bhfreagairt: “Cad chuige a bhfuil na smaointe seo in bhur gcroí?

Agus iad seo a bhí ag bord leis, thosaigh siad ag rá ina n‑aigne: “Cé hé seo a dhéanann fiú amháin peacaí a mhaitheamh?”

D'fhreagair na Giúdaigh é: “Ní mar gheall ar obair fhónta atáimid ag gabháil de chlocha ionat, ach mar gheall ar dhiamhasla, agus go ndéanann tú Dia díot féin agus gan ionat ach duine.”

Agus cé a dhéanfaidh lucht tofa Dé a chúisiú?




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí