Ag siúl dó cois farraige na Gailíle, chonaic sé beirt dearthár, Síomón ar a dtugtar Peadar agus Aindrias a dheartháir, ag caitheamh eangacha san fharraige, mar iascairí a bhí iontu.
Bhuail sé ar aghaidh, agus chonaic sé beirt dearthár eile, Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir: bhí siad sa bhád in éineacht lena n‑athair, Zeibidé, ag cóiriú a gcuid líonta; agus ghlaoigh sé iad.
Bhí sé ag imeacht leis cois farraige na Gailíle nuair a chonaic sé Síomón agus Aindrias deartháir Shíomóin agus iad ag caitheamh eangaí san fharraige, mar iascairí a bhí iontu.
Bhuail sé ar aghaidh beagán eile agus chonaic sé Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir, iad ina mbád féin ag ceartú na líonta, agus ghlaoigh sé iad láithreach.
Chuaigh sé isteach i mbád acu, bád Shíomóin, agus d'iarr air tarraingt amach beagán ón talamh: ansin shuigh, agus thosaigh ag teagasc na sluaite as an mbád.