Nuair nach bhfuair siad slí chun é a bhreith isteach mar gheall ar an slua, chuaigh siad in airde ar an teach agus scaoil síos trí na leaca é féin agus an réleaba i lár baill os comhair Íosa.
Ardtráthnóna agus Dáiví ag spaisteoireacht ar dhíon an pháláis tar éis éirí óna leaba dó, tharla go bhfaca sé ón díon bean a bhí á folcadh féin. Bhí an bhean an-dathúil.
Saileofar tithe Iarúsailéim agus tithe ríthe Iúdá, mar an áit seo, Toifit; na tithe seo uile ar loisc siad túis ar a ndíonta do shlua neimhe uile, agus ar ar dhoirt siad deochanna do dhéithe eile.’ ”
Nuair nárbh fhéidir leo teacht ina ghar mar gheall ar an slua, nocht siad an díon os a chionn, agus tar éis dóibh poll a dhéanamh, lig siad síos an tsráideog a raibh an pairiliseach ina luí inti.