Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 5:15

An Bíobla Naofa 1981

Ba mhóide i gcónaí a bhí an tuairisc air ag leathnú, agus tháinig na daoine ina sluaite móra ag éisteacht leis agus ag fáil leigheas ar a n‑éagruais.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Is teagasc san eagna é eagla an Tiarna; gabhann an umhlaíocht roimh an onóir.

Agus chuaigh cáil an scéil ar fud na tíre sin go léir.

Ach ní túisce amuigh iad ná leath siad a cháil ar fud na tíre sin go léir.

Agus níorbh fhada gur leath a chlú go fada gearr ar fud cheantar uile na Gailíle.

Ní túisce a d'fhág an duine an láthair, áfach, ná bhí guth ard aige ag leathadh an scéil, ionas nach bhféadfadh Íosa dul isteach go hoscailte i gcathair feasta, ach fanacht lasmuigh sna háiteanna uaigneacha agus bhítí ag triall air as gach aird.

Chuaigh Íosa i leataobh i dtreo na farraige, é féin agus a dheisceabail, agus lean slua mór ón nGailíl é - ó Iúdáia fós,

Lena linn sin, agus an slua cruinnithe le chéile ina mílte móra go dtí go raibh siad ag satailt ar a chéile, thosaigh sé ag caint lena dheisceabail ar dtús: “Seachnaígí sibh féin ar ghabháil - is é sin, ar bhréagchrábhadh - na bhFairisíneach.

Bhí sluaite móra á thionlacan, agus d'iompaigh sé agus dúirt leo:

Lean slua mór é mar chonaic siad na comharthaí a bhí sé a dhéanamh ar lucht tinnis.

Bíonn na dea-ghníomhartha glan le feiceáil ar an gcuma chéanna; agus iad siúd nach mbíonn, ní féidir iad a cheilt go deo.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí