Ansin chuaigh sé síos agus thum é féin seacht n‑uaire sa Iordáin de réir chomhairle ghiolla Dé. Agus leigheasadh a chneas mar a bheadh cneas naíonáin ann agus bhí sé glan.
Ní lorgóimid cúnamh ón Asaír, ná ní rachaimid i muinín eachra; go deo arís ní chanfaimid: “A Dhia linn” do dhéantús ár lámh; (óir is tú a ghlacann trua don dílleachta).
Agus ina sheasamh dó os a cionn thug sé ordú géar don fhiabhras, agus d'fhág an fiabhras í; agus d'éirigh sí ar an mball agus thosaigh ag freastal orthu.
I gcathair áirithe dó, tharla fear ann a bhí lán de lobhra: agus ar fheiceáil Íosa dó, chaith sé é féin ar a bhéal agus rinne impí air á rá: “A Thiarna, más áil leat é, is féidir duit mé a ghlanadh.”
Agus thug sé ordú dó gan a insint d'aon duine: “Ach imigh, taispeáin thú féin don sagart, agus déan an ofráil de chionn do ghlanta de réir mar a d'ordaigh Maois, mar fhianaise dóibh.”