Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 5:11

An Bíobla Naofa 1981

Agus tharraing siad na báid aníos ar an trá, d'fhág siad gach uile ní agus lean é.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

“An té arb ansa leis athair nó máthair ná mé, níl sé diongbhála dom, agus an té arb ansa leis mac nó iníon ná mé, níl sé diongbhála dom;

Labhair Peadar ansin agus dúirt sé leis: “Sinne, féach, d'fhágamar an uile ní agus leanamar thusa: cad a bheidh againn, más ea?”

Agus duine ar bith a d'fhág tithe nó deartháireacha nó deirfiúracha, nó athair nó máthair, nó bean, nó clann, nó tailte mar gheall ar m'ainm, gheobhaidh sé níos mó faoi chéad agus an bheatha shíoraí mar oidhreacht.

D'fhág siad na líonta láithreach agus lean siad é.

D'fhág siad an bád agus a n‑athair láithreach agus lean siad é.

Dhearc Íosa air agus thug grá dó agus dúirt leis: “Tá aon ní amháin in easnamh ort fós; imigh leat, díol a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é agus beidh stór agat ar neamh; tar ansin agus lean mise.”

D'fhág sé gach aon ní, d'éirigh agus lean é.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí