Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 5:10

An Bíobla Naofa 1981

agus mar an gcéanna do Shéamas agus d'Eoin, clann Zeibidé, a bhí i bpáirt le Síomón. Agus dúirt Íosa le Síomón: “Ná bíodh eagla ort, as seo amach is daoine a bheidh tú a ghabháil.”

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

“Nó fós, is cosúil ríocht na bhflaitheas le heangach a cuireadh san fharraige agus a ghabh gach uile shórt.

Ach labhair Íosa leo láithreach: “Bíodh misneach agaibh!” ar seisean, “mise atá ann, ná bíodh eagla oraibh.”

Ansin tháinig máthair chlann Zeibidé chuige agus a mic in éineacht léi agus d'umhlaigh sí síos ag iarraidh aisce air.

Labhair sé leo: “Tagaigí i mo dhiaidh, agus déanfaidh mé iascairí ar dhaoine díbh.”

Bhuail sé ar aghaidh, agus chonaic sé beirt dearthár eile, Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir: bhí siad sa bhád in éineacht lena n‑athair, Zeibidé, ag cóiriú a gcuid líonta; agus ghlaoigh sé iad.

Dúirt Íosa leo: “Tagaigí i mo dhiaidh, agus déanfaidh mé díbh iascairí ar dhaoine.”

agus sméid siad ar a gcomrádaithe sa bhád eile teacht i gcabhair orthu. Tháinig siad agus líon an dá bhád nó go raibh siad ar tí dul faoi.

Óir ghabh alltacht é féin agus a chompánaigh uile faoin ngabháil éisc a thóg siad

Síomón, ar ar thug sé Peadar, agus Aindrias a dheartháir, Séamas agus Eoin, Pilib agus Parthalán,

Bhí i bhfochair a chéile: Síomón Peadar, Tomás an Leathchúpla, Natanael ó Chána na Gailíle, agus clann Zeibidé, agus beirt eile dá dheisceabail.

agus líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag labhairt i dteangacha difriúla de réir mar thug an Spiorad urlabhra dóibh.

Maidir le Títeas, is páirtí liom féin é agus cúntóir chun freastail oraibhse. Agus i dtaca lenár mbráithre de, is teachtaí ó na heaglaisí iad agus is creidiúint iad do Chríost.

ar shlí go dtiocfadh a gciall chucu agus go n‑éalóidís ó ghaiste an diabhail ina bhfuil siad gafa chun a thola aige.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí