Lúcás 4:7An Bíobla Naofa 1981Dá bhrí sin, má dhéanann tusa adhradh i mo láthair, is leat é uile.” Féach an chaibidil |
Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna: [Scológa] na hÉigipte agus [ceannaithe] Chúis, muintir Shaba na bhfear mór ard, tiocfaidh siad anall agus rachaidh siad i bpáirt leat; siúlfaidh siad i do dhiaidh agus slabhraí orthu. Sléachtfaidh siad i do láthair, agus guífidh siad thú, á rá: “Faratsa amháin atá Dia, agus níl a leithéid eile ann; níl dia eile ann ach é.”
Agus i gcónaí nuair a thugann na dúile glóir agus onóir agus buíochas don té atá ina shuí sa ríchathaoir, an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, sléachtann an ceathrar seanóirí fichead go talamh os comhair an té atá ina shuí sa ríchathaoir, agus adhrann siad an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, agus caitheann a gcorónacha síos os comhair na ríchathaoireach á rá: