Ach dúirt sé leo: “Ní foláir dom dea-scéal ríocht Dé a fhógairt do na cathracha eile, óir is chuige sin a cuireadh amach mé.” 44 Agus bhíodh sé ag seanmóir i sionagóga Iúdáia.
Gabhaigí i leith chugam go gcloise sibh an méid seo: “Ón tús níor labhair mé libh faoi choim, agus ón am a tharla seo tá mise ann.” - “Agus anois tá an Tiarna Dia tar éis mé a chur uaidh, mar aon lena spiorad.”
Agus ghabh Íosa ar fud na Gailíle go léir, ag teagasc sna sionagóga, ag fógairt dea-scéil na ríochta, agus ag leigheas gach galar agus gach éagruas i measc an phobail.
an scéal faoi Íosa ó Nazarat: mar a choisric Dia é leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht; mar a chuaigh sé timpeall na tíre ag déanamh na maitheasa agus ag leigheas gach duine a bhí faoi smacht an diabhail, mar go raibh Dia fairis.