Agus d'fhreagair Íosa é: “Tá scríofa: ‘Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine.’ ”
Déanaigí seirbhís don Tiarna bhur nDia agus cuirfidh mé beannacht ar d'arán agus ar d'uisce agus tógfaidh mé an easláinte chun siúil uait amach.
chun teagasc agus tiomna a fháil.” Nach cinnte gur mar sin a labhróidh siad, mar níl breacadh lae i ndán dóibh.
‘Fág do dhílleachtaí, coinneoidh mise bia leo, bíodh muinín ag do bhaintreacha asam.’ ”
Dúirt sé á fhreagairt: “Tá sé scríofa: ‘Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine, ach ar an uile fhocal a thagann as béal Dé.’ ”
Dá bhrí sin, ná bígí go himníoch ag fiafraí: ‘Cá bhfaighimid bia, nó deoch, nó éadach?’
Dúirt sé leo ansin: “Nuair a chuir mé uaim sibh gan sparán gan tiachóg gan cuaráin, an raibh easnamh ar bith oraibh?”
óir tá scríofa: ‘Tabharfaidh sé ordú dá aingil mar gheall ort, chun go ngardálfaidís tú’;
Dúirt an diabhal leis: “Más tú Mac Dé, abair leis an gcloch seo arán a dhéanamh di.”
Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “Tá scríofa: ‘Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.’ ”
Glacaigí an slánú mar chlogad agus briathar Dé mar chlaíomh ón Spiorad.
D'umhlaigh sé thú agus d'fhág ocrach thú agus chothaigh thú le manna nárbh eol duit féin ná do d'aithreacha, d'fhonn é a chur in iúl duit nach ar arán amháin a mhaireann an duine, ach go maireann an duine ar gach ní a thagann ó bhéal Dé.