agus d'éirigh siad agus thiomáin amach as an gcathair é agus sheol é go dtí mala an chnoic ar a raibh a gcathair tógtha chun é a chaitheamh le faill.
Ghabh fir Iúdá deich míle díobh ina mbeatha agus rug iad go léir go barr na carraige agus chaitheadar thar faobhar na faille iad agus rinneadh smidiríní díobh go léir.
Tarraingíonn na héagráifigh an claíomh; 14b teannann siad an bogha a threascairt an duine ionraic. 14c a threascairt lucht an ghátair agus na mbocht.
Dúirt an Tiarna le Maois: “Ní foláir an duine seo a chur chun báis; ní foláir don chomhthionól go léir gabháil de chlocha ann lasmuigh den champa.”
Agus a raibh sa tsionagóg, nuair a chuala siad an méid sin, líon siad d'fheirg,
Tá a fhios agam gur de shíol Abrahám sibh, ach tá sibh ag iarraidh mise a mharú, mar ní fhaigheann mo bhriathar slí ionaibh.
Ach anois tá sibh ag iarraidh mise a mharú, duine a labhair an fhírinne libh, faoi mar a chuala í ó m'Athair. Ní dhearna Abrahám é sin.
Mar sin, thóg siad suas clocha le caitheamh leis, ach d'fholaigh Íosa é féin agus d'imigh amach as an Teampall.
Sin é an fáth ar fhulaing Íosa a pháis lasmuigh den gheata nuair ba mhian leis an pobal a naomhú lena chuid fola féin.