Lúcás 4:23An Bíobla Naofa 1981Agus dúirt sé leo: “Gan amhras, tagróidh sibh liom an seanfhocal: ‘A lia, leighis tú féin. Na nithe a chualamar déanta i gCafarnáum, déan anseo iad freisin i do dhúiche féin.’ ” Féach an chaibidil |
Conas is féidir duit a rá le do bhráthair: ‘A bhráthair, fan go mbaine mé as do shúil an cáithnín atá inti,’ agus nach bhfeiceann tú an tsail atá i do shúil féin? A bhréagchráifigh, bain ar dtús an tsail as do shúil féin, agus ansin is fearrde a fheicfidh tú an cáithnín atá i súil do bhráthar a bhaint aisti.