Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 3:32

An Bíobla Naofa 1981

mhic Iseái, mhic Ióbéid, mhic Bhóas, mhic Shalá, mhic Náiseon,

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Nuair a chonaic Iosrael go léir nach raibh aon aird á tabhairt ag an rí orthu, d'fhreagair an pobal an rí: “Cén chuid atá againn i nDáiví? Níl aon oidhreacht againn i mac Ieise. Chun bhur mbothanna libh, a Iosrael! Tabhair aire do do theach féin feasta, a Dháiví!” Agus d'imigh Iosrael leo chun a mbothanna.

Críochnaítear leis seo moltaí Dháiví.

Do Iúdá, Nachson mac Amaíneádáb.

Maidir leo siúd atá lena mbothanna a chur lastoir: i dtreo éirí gréine, bratach champa Iúdá, faoi chóiriú catha; mar cheann ar chlann Iúdá: Nachsón mac Amaíneádáb,

Ar an gcéad lá sé Nachsón mac Amaíneádáb de threibh Iúdá a thug an ofráil;

agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Nachsón mac Amaíneádáb.

Leabhar ghinealach Íosa Críost, mac Dháiví, mac Abrahám.

mhic Mheilias, mhic Mheineá, mhic Mhatata, mhic Natam, mhic Dháiví

mhic Aimineadab, mhic Aidmin, mhic Arnái, mhic Easróm, mhic Fhearas, mhic Iúdá,

“Cé leis thú, a fhir óig?” d'fhiafraigh Sól de; d'fhreagair Dáiví: “Le do shearbhónta Ieise ó Bheithil.”

Fad a mhairfidh mac Ieise beo ar talamh, ní bheidh tú féin ná do chearta rí daingean gan bhaol. Cuir fios air, dá bhrí sin, agus tabhair chugam é, óir tá an bás i ndán dó.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí