D'fhiafraigh saighdiúirí de, freisin: “Agus cad tá le déanamh againne?” Agus dúirt sé leo: “Gan éigean a dhéanamh ar dhuine ar bith, ná dearbhú éithigh; agus sibh a bheith sásta le bhur bpá.”
Ach dúirt Zacháias go croíúil leis an Tiarna: “Is é a dhéanfaidh mé, a Thiarna, leath mo mhaoine a thabhairt do na boicht, agus má bhain mé aon ní go héagórach d'aon duine, déanfaidh mé aisíoc leis faoi cheathair.”
Abair leis na mná scothaosta mar an gcéanna iad féin a iompar mar a oireann do mhná diaganta, gan bheith cúlchainteach ná tugtha don ól ach iad a thabhairt dea-theagaisc
Agus chuala mé guth tréan sna flaithis á rá: “Anois tá slánú agus neart agus tiarnas ár nDé agus údarás a Chríost tagtha, óir teilgeadh anuas cúisitheoir ár mbráithre, an té a bhíodh á gcúisiú os comhair Dé de lá agus d'oíche.