Tháinig poibleacánaigh freisin chun baiste a fháil agus dúirt siad leis: “A mháistir, cad tá le déanamh againne?”
Óir, má thugann sibh grá dóibh seo a thugann grá daoibh, cad é an tuarastal atá ag dul daoibh? Nach ndéanann na poibleacánaigh féin an rud céanna?
Ach sheas an poibleacánach i bhfad siar, agus níorbh áil leis fiú amháin a shúile a ardú chun na bhflaitheas, ach é ag bualadh a uchta, ag rá: ‘A Dhia, glac trua dom, an peacach.’
Agus bhí na sluaite ag fiafraí de: “Cad tá le déanamh againn, más ea?”
Dúirt sé leo: “Gan níos mó a éileamh ná a bhfuil ordaithe daoibh.”
Agus an pobal uile a chuala é, agus na poibleacánaigh féin, is le Dia a thaobhaigh siad nuair a baisteadh iad le baiste Eoin.
Chuaigh an chaint sin go dtí an croí iontu agus dúirt siad le Peadar agus leis na haspail eile: “Cad atá le déanamh againn, a bhráithre?”