Dúirt sé leo á bhfreagairt: “An té a bhfuil dhá chóta aige, tugadh sé cóta don té atá ina uireasa, agus an té a bhfuil rud le hithe aige, déanadh sé a leithéid chéanna.”
Agus déarfaidh an rí á bhfreagairt: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agamsa, is domsa a rinne sibh é.’
Ar chloisteáil sin d'Íosa, dúirt sé leis: “Tá aon ní amháin de dhíth ort go fóill: díol gach a bhfuil agat agus roinn ar na boicht é agus beidh stór agat sna flaithis; tar ansin agus lean mise.”
Ach dúirt Zacháias go croíúil leis an Tiarna: “Is é a dhéanfaidh mé, a Thiarna, leath mo mhaoine a thabhairt do na boicht, agus má bhain mé aon ní go héagórach d'aon duine, déanfaidh mé aisíoc leis faoi cheathair.”
óir shíl cuid acu, ós rud é go raibh an sparán ag Iúdás, go raibh Íosa á rá léis: “Ceannaigh a bhfuil de dhíth orainn don fhéile; nó rud éigin a thabhairt do na boicht.”
Fear cráifeach ba ea é agus bhí sé féin agus a theaghlach ar fad ómósach do Dhia; thugadh sé déirc go fial don phobal agus dhéanadh guí chun Dé go buan.
Stán sé ar an aingeal le scanradh agus dúirt: “Cad é sin, a dhuine uasail?” D'fhreagair an t‑aingeal: “Tá d'urnaithe agus do dhéirc imithe suas i bhfianaise Dé agus tá cuimhne aige orthu.
An té a bhíonn ag goid, ná déanadh sé goid níos mó ach bíodh sé ag obair go macánta lena dhá láimh féin ionas go mbeadh rud aige le roinnt ar an té atá ar an ngannchuid.
Tabhair foláireamh dóibh siúd a bhfuil flúirse de mhaoin an tsaoil seo acu, gan bheith mórálach astu féin agus gan a muinín a chur i saibhreas díomuan ach i nDia a chuireann gach ní ar fáil dúinn go fial go mbainfimis só as.
Níl Dia éagórach. Dá bhrí sin, ní dhéanfaidh sé dearmad ar an obair a rinne sibh ná ar an ngrá atá agaibh dó. Thaispeáin sibh an grá seo go háirithe nuair a tháinig sibh i gcabhair ar na Críostaithe eile agus, ar ndóigh, tá sé seo á dhéanamh agaibh fós.
Seo é fíorchleachtadh an chreidimh atá glan agus gan smál i láthair Dé agus an Athar: cuairt a thabhairt ar na dílleachtaí agus ar na baintreacha in am a ngátair agus gan ligean don saol thú féin a thruailliú.
Duine a bhfuil maoin an tsaoil aige agus go n‑airíonn a bhráthair ar an gcaolchuid, agus go gcruann a chroí air, conas a bheadh grá Dé go buan sa duine sin?
Má deir duine: “Mo ghrá-sa Dia” agus gur fuath leis a bhráthair, is bréagach é, mar an té nach dtugann grá don bhráthair ar léir dó é, ní féidir leis grá a thabhairt do Dhia nach bhfaca sé riamh.