“Sin iad,” arsa Iósaef lena athair, “mo mhic-sé, a bhronn Dia anseo orm.” Agus dúirt seisean: “Tabhair anseo i leith chugam iad, le do thoil, go gcuirfidh mé mo bheannacht orthu.”
Sin iad go léir dhá threibh déag Iosrael; agus sin é a dúirt a n‑athair leo agus é á mbeannú. Bheannaigh sé iad agus chuir beannacht chuí ar gach ceann díobh faoi leith.
Ansin d'ardaigh Árón a lámha i dtreo an phobail agus bheannaigh iad. Nuair a bhí an íobairt pheaca, an íobairt uileloiscthe, agus an íobairt chomaoineach déanta aige ar an gcuma sin, tháinig sé anuas
Nuair a bhí siad ag teacht i ngar do Iarúsailéim, agus iad chomh fada le Béatfaigé agus Béatáine i dtreo Chnoc na nOlóg, chuir sé beirt dá dheisceabail uaidh,