agus é de scéal acu: “Tá an Tiarna éirithe go deimhin agus chonacthas do Shíomón é.”
Ach imígí agus abraigí lena dheisceabail agus le Peadar: ‘Tá sé ag dul romhaibh don Ghailíl; ansiúd a fheicfidh sibh é faoi mar a dúirt sé libh.’ ”
Níl sé anseo: tá sé éirithe. Tugaigí chun cuimhne mar a labhair sé libh agus é fós sa Ghailíl,
Agus nuair a chonaic an Tiarna í, ghlac sé trua di agus dúirt léi: “Ná bí ag gol.”
agus chuir scéala go dtí an Tiarna á rá: “An tú an té atá le teacht, nó an ceart dúinn bheith ag súil le duine eile?”
I ndiaidh a pháise is iomaí cruthú a thug sé dóibh go raibh sé beo, á nochtadh féin dóibh ar feadh daichead lá agus ag cur síos ar ríocht Dé.
gur thaispeáin sé é féin do Chéafas agus ina dhiaidh sin don dáréag;