Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 24:20

An Bíobla Naofa 1981

mar a thug ár n‑ardsagairt agus ár gcinn urra ar láimh é lena dhaoradh chun báis, agus mar a chéas siad é.

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

“A nathracha nimhe, a sceith na bpéisteanna, conas a fhéadfaidh sibh teitheadh ó dhaorbhreith ifrinn?

Ach d'áitigh na hardsagairt agus na seanóirí ar na sluaite Barabas a iarraidh agus Íosa a mhilleadh.

Ar maidin bhí a gcomhairle ullamh gan mhoill ag uachtaráin na sagart fara na seanóirí agus na scríobhaithe - an tsainidrín uile. Tar éis dóibh Íosa a cheangal, thug siad leo é agus thug ar láimh é do Phioláit.

Nuair a bhí sé ina lá, chruinnigh comhairle sheanóirí an phobail le chéile - uachtaráin na sagart agus scríobhaithe. Sheol siad i láthair a n‑ardchomhairle é.

Ghlaoigh Pioláit uachtaráin na sagart agus na cinn urra agus an pobal le chéile

Nuair a tugadh suas daoibh é de réir chomhairle cinnte agus réamheolas Dé, chuir sibh chun báis é, á thairneáil ar an gcrois trí lámha mallaitheoirí.

ón mbuíon chéanna a d'imir bás ar an Tiarna Íosa agus ar na fáithe agus a rinne géarleanúint orainne. Níl Dia buíoch díobh, áfach, agus is naimhde iad don chine daonna,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí