Agus an lá sin féin, bhí beirt acu ag dul go dtí baile darbh ainm Eamáus a bhí céad staid seascad ó Iarúsailéim,
agus bhí siad ag comhrá le chéile faoi na nithe seo uile a bhí tar éis titim amach.
Dúirt duine acu leis á fhreagairt - Cleopas ab ainm dó: “An tusa an t‑aon duine amháin atá ag cur fút in Iarúsailéim atá in ainbhios ar na nithe a tharla ann sna laethanta seo?”