Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 23:56

An Bíobla Naofa 1981

Ansin, ar dhul ar ais dóibh, d'ullmhaigh siad spíosraí agus olaí cumhra. Agus sa tsabóid, d'fhan siad ina gcónaí do réir na haithne.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Chuireadar é sa tuama a d'ordaigh sé a thochailt dó féin i gcathair Dháiví. Leagadar ar chróchar é faoi bhrat spíosraí agus olaí cumhra a ullmhaíodh le healaín an chumhradóra agus d'adhnadar béileach mhór thine ina onóir.

Ní foláir daoibh an tsabóid a choimeád, dá réir sin; bíodh sí naofa agaibh. An té a bhriseann í, cuirfear chun báis é; aon duine a dhéanann saothar ar an tsabóid, déanfar é a ionnarbadh óna phobal.

Nuair a bhí an tsabóid thart, cheannaigh Máire Mhaigdiléana, Máire máthair Shéamais, agus Salómae, spíosraí chun dul agus é a ungadh.

An chéad lá den tseachtain, go lánmhoch ar maidin, tháinig siad go dtí an tuama agus na spíosraí acu a bhí ullmhaithe acu.

ach an seachtú lá, is sabóid é don Tiarna do Dhia. An lá sin ná déan scaob oibre - tú féin, ná do mhac ná d'iníon, ná do dhaor ná do dhaoirseach, ná do dhamh, ná do asal, ná aon cheann de do ainmhithe, ná an deoraí faoi do dhíon, i dtreo go mbeidh sos ag do dhaor agus ag do dhaoirseach do dhála féin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí