Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 23:49

An Bíobla Naofa 1981

Bhí a lucht aitheantais uile ina seasamh i bhfad uaidh, agus mná freisin a bhí tar éis é leanúint ón nGailíl agus a bhí ag breathnú ar na nithe sin.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Thréig mo bhráithre mé, Agus scar mo lucht aitheantais liom ar fad.

Nuair a bhí mo spiorad á chloí istigh ionam, b'eol duit féin mo shlí. Sa tslí ina bhfuil mo shiúl cuireadh gaiste i bhfolach romham.

Tá mo chroí ag preabadh; d'imigh mo neart uaim, agus tá solas mo shúl tar éis teip orm.

Bíonn siad i mo thimpeall de shíor amhail tuile; tagann siad uile i mo thimpeall in éineacht.

Bhí Máire Mhaigdiléana ann agus an Mháire eile, agus iad ina suí os comhair na huaimhe.

Bhí Máire Mhaigdiléana, agus Máire máthair Iósaef ag breathnú ar cár cuireadh é.

Bhí slua mór den phobal á leanúint, mar aon le complacht ban a bhí ag mairgneach air agus á chaoineadh.

Agus na mná a bhí tagtha ón nGailíl in éineacht leis, lean said Iósaef agus chonaic siad an tuama agus an socrú a tugadh ar a chorp.

chomh maith le mná áirithe a bhí leigheasta ó dhrochspioraid agus ó éagruais: Máire ar a nglaotar an Mhaigdiléanach - a raibh seacht ndeamhain imithe aisti -




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí