Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 23:44

An Bíobla Naofa 1981

Bhí sé timpeall an séú huair faoin am seo nuair a tháinig dorchadas anuas ar an talamh go léir go dtí an naoú huair, mar chaill an ghrian a solas.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Chuir sé an dorchacht chucu agus dhorchaigh sé, ach níor thug siad aird ar a bhriathar.

Is mairg daoibh atá ag tnúth le lá an Tiarna. Cad é lá an Tiarna daoibh? Is dorchadas é agus ní solas;

An lá sin, a deir an Tiarna mo Dhia, tabharfaidh mé ar an ngrian dul faoi um nóin, agus clúdóidh mé an tír le dorchadas i lár an lae ghil.

Ón séú huair bhí dorchadas anuas ar an talamh go léir go dtí an naoú huair.

D'oscail na tuamaí agus d'éirigh mórán de choirp na naomh a bhí ina suan:

An taoiseach céad a bhí ina sheasamh os a chomhair, chonaic sé mar a shíothlaigh sé amhlaidh sin agus dúirt sé: “Go dearfa ba é Mac Dé an duine sin.”

Ba é lá an ullmhaithe don Cháisc é, timpeall an séú huair. Dúirt sé leis na Giúdaigh: “Féach, sin é bhur rí!”

Iompóidh an ghrian ina dorchadas agus an ghealach ina fuil, sula dtiocfaidh lá mór taibhseach an Tiarna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí