Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 23:40

An Bíobla Naofa 1981

Ach thug an duine eile casaoid dó agus dúirt: “An ea nach bhfuil eagla Dé ort, agus tusa faoin daorbhreith chéanna?

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Ina chruachas dó, d'éirigh sé níos mídhísle fós, an rí Áchaz:

Do stiúrthóir an chóir. [Salm le] Dáiví, giolla an Tiarna.

A Thiarna, nach é mian do shúl an fhírinne? Bhuail tú iad, ach ní raibh doilíos orthu. Bhasc tú iad, ach níor ghlac siad ceartú. Rinne siad a n‑aighthe níos crua ná carraig. Dhiúltaigh siad aithrí a dhéanamh.

Ná bíodh fuath agat i do chroí do do chomharsa, ach déan a choir a chur ar a shúile dó os ard; fágfaidh sin thú gan peaca a ghabháil ort féin.

Nuair a tháinig muintir an aonú huair déag, fuair siad déanar an duine.

Dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil eagla oraibh, a lucht an bheagán creidimh?” D'éirigh sé ina sheasamh ansin agus bhagair sé ar na gaotha agus ar an bhfarraige, agus bhí sé ina théigle mhór.

Ach taispeánfaidh mé daoibh cé is eagal daoibh; bíodh eagla oraibh roimh an té a bhfuil ar a chumas, tar éis an mharaithe, neach a theilgean isteach in ifreann. Sea, deirim libh, bíodh eagla oraibh roimhe sin.

Duine de na coirpigh a bhí arna gcrochadh, bhí sé á dhiamhaslú á rá: “Nach tú an Críost? Saor tú féin agus sinne.”

Agus maidir linne, is le ceart é: tá díol ár mbeart féin á thabhairt orainn ach ní dhearna sé seo rud ar bith as an tslí.”

agus ná bíodh aon pháirt agaibh i ngnóthaí seasca an dorchadais ach iad a cháineadh.

Cé hé nach eagal leis thú, a Thiarna, agus nach dtabharfaidh glóir do d'ainm? Óir is tú amháin is naofa. Agus tiocfaidh na ciníocha uile agus sléachtfaidh romhat le hómós, óir foilsíodh do bhreithiúnais.”

agus mhaslaigh siad Dia na bhflaitheas de bharr a bpianta agus a neascóidí ach ní dhearna siad aithrí ina n‑oibreacha.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí