Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 23:4

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt Pioláit ansin le huachtaráin na sagart agus leis na sluaite: “Ní bhfaighim ciontacht ar bith sa duine seo.”

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Ach le linn dó bheith ina shuí breithimh, chuir a bhean scéala chuige: “Scaoil tharat an fear cóir seo gan baint leis, óir ba mhór í m'fhulaingt i mbrionglóid inniu mar gheall air.”

Dúirt Pioláit leo: “Ach, cén t‑olc a rinne sé?” Ach is ea ba mhó a scread siad: “Céas é!”

Dúirt sé leo den tríú huair: “Cén t‑olc mar sin a rinne an duine seo? Ní bhfuair mé rud ar bith ann a thuillfeadh bás. Dá bhrí sin, tar éis a smachtaithe dom, scaoilfidh mé saor é.”

Dúirt Pioláit leis: “Cad is fírinne ann?” Agus arna rá sin dó, ghabh sé amach arís chun na nGiúdach, agus dúirt leo: “Ní fhaighim aon chúis daortha ann.

Ach fuair mé féin nach raibh aon ní déanta aige a thuillfeadh an bás. Ach de bhrí gur ghairm sé féin an t‑impire, tá socair agam é a chur chuige.

Ní hea sin ach gur thug Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, Dia ár n‑aithreacha an ghlóir dhiaga dá sheirbhíseach Íosa, an té sin ar thug sibhse ar láimh é agus ar shéan sibh i bhfianaise Phioláit é agus eisean meáite ar é a scaoileadh saor.

Ba é a leithéid sin d'ardsagart a bhí oiriúnach dúinn: sagart naofa, neamhurchóideach, gan smál, a bhí scartha ó na peacaigh agus tógtha suas os cionn na bhflaitheas;

ach le fuil luachmhar Chríost, amhail fuil uain gan mháchail gan cháim.

Ní dhearna seisean aon pheaca, ná ní bhfuarthas aon chealg ina bhéal.

Óir fuair Críost bás an t‑aon uair amháin i ngeall ar pheacaí, an fíréan thar ceann na neamhfhíréan, d'fhonn sinn a thabhairt i láthair Dé. Básaíodh é sa cholainn, ach rinneadh beo é sa spiorad




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí