Lúcás 23:35An Bíobla Naofa 1981D'fhan an pobal ansiúd ag breathnú. Bhí na cinn urra féin ag dranngháire: “Shaor sé daoine eile,” deiridís, “saoradh sé é féin, más é Críost Dé, an té atá tofa.” Féach an chaibidil |
Is amhlaidh seo a deir an Tiarna, fuascailteoir agus Neach Naofa Iosrael, leis an té atá ina ábhar tarcaisne agus gráin ag na ciníocha air, le sclábh na dtíoránach: Éireoidh ríthe ina seasamh ach súil a leagan ort, rachaidh prionsaí ar a mbéal fúthu, de dheasca an Tiarna agus a dhílseachta, Neach Naofa Iosrael a thogh thú.