Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 23:28

An Bíobla Naofa 1981

Ach d'iompaigh Íosa chucu seo agus dúirt: “A iníona Iarúsailéim, ná bígí ag gol mar gheall ormsa, ach déanaigí gol mar gheall oraibh féin agus ar bhur gclann.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Más dubh mé, is sciamhach, a mhná Iarúsaileim; mar bhotha céadair, mar bhéalscátha Sholaimh.

Agraím oraibh, a mhná Iarúsailéim, dar fia agus eilití na má, Ná corraigí, ná músclaígí mo rún go dtograí sí féin.

Cosa airgid faoi, scáth óir os a chionn, adhairt chorcra ann, éabann dá fholach.

Agraím oraibh, a iníona Iarúsailéim, dar fia agus eilití na má, ná corraigí, ná músclaígí mo rún, go dtograí sí féin.

Is é an binneas a fhriotal, is mealltacht é uile. Sin é mo ghrá, sin é mo shearc, a iníona Iarúsailéim.

Achainím oraibh, a iníona Iarúsailéim, má fhaigheann sibh mo ghrá - cad a inseoidh sibh dó uaimse? Go bhfuil galar an ghrá orm.

Agraím oraibh a mhná Iarúsailéim gan mo rún a chorraí ná a mhúscailt go dtograí sí féin.

Bhí slua mór den phobal á leanúint, mar aon le complacht ban a bhí ag mairgneach air agus á chaoineadh.

Óir féach, tá na laethanta ag teacht nuair a déarfar: ‘Is méanar do na mná atá aimrid; do na broinnte nár rug agus do na cíocha nár thál.’

Féach, tá sé ag teacht ar néalta neimhe, agus feicfidh gach duine lena súile cinn é, fiú iad siúd a tholl é, agus beidh ciníocha uile an domhain ag déanamh mairgní dá bharr. Abair é! Amen.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí