Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 23:21

An Bíobla Naofa 1981

Ach bhí siad ag liúireach: “Céas é, céas é!”

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Scread siad arís: “Céas é!”

Chuir Pioláit caint orthu arís, mar b'áil leis Íosa a scaoileadh saor.

Dúirt sé leo den tríú huair: “Cén t‑olc mar sin a rinne an duine seo? Ní bhfuair mé rud ar bith ann a thuillfeadh bás. Dá bhrí sin, tar éis a smachtaithe dom, scaoilfidh mé saor é.”

Ach bhí siadsan á dhianéileamh de ghártha móra go gcéasfaí é, agus is ag neartú a bhí ar a nglórtha.

Ach chuir siad na gártha suas: “Beir uainn é! Beir uainn é! Céas é!” Dúirt Pioláit leo: “An amhlaidh a chéasfaidh mé bhur rí?” D'fhreagair uachtaráin na sagart: “Níl de rí againne ach Céasar.”

Cé nach bhfuair siad aon chúis bháis ann d'iarr siad ar Phioláit é a chur den saol.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí